Bí páirteach sa bhithgheilleagar!

Cé chomh domhain is atá ár n-andúil in amhola? An féidir linn éirí as a bheith ag brath air riamh?
Ní féidir ach le bithgheilleagar!

Ciallaíonn an bithgheilleagar soláthar a bhfuil de dhíth ar an tsochaí (ár ngeilleagar) ó phlandaí, ainmhithe agus miocróib in-athnuaite (foinsí bitheolaíocha). Sin a rinne muid sular thángamar ar amhola lena húsáidí nua-aimseartha go léir. Agus is é an bithgheailleagar an rogha is fearr atá againn chun teacht ina háit.

Cé go bhfuil an bithgheilleagar ríthábhachtach dár dtodhchaí, is beag duine a chuala faoi. Sin an fáth go bhfuil feachtas náisiúnta á reáchtáil againn chun feasacht a ardú. Is dóigh linn gur cheart go mbeadh a fhios ag gach duine cad é an bithgheilleagar agus cén fáth a bhfuilimid ag brath air. Beimid ar turas ar thaispeántais soghluaiste ar fud na tíre chun an t-eolas seo a thabhairt díreach chugat!

DÉAN INIÚCHADH AR AN TAISPEÁNTAS

1. LAISTIGH DEN BHUS

Breosla iontaise, peitriliam, amhola … is cuma cad a thugann tú air, tá sé i ngach áit! Agus níl aon áit níos fearr chun é seo a léiriú ná taobh istigh dár dtithe. Sin an fáth a ligfidh ár dtaispeántas duit teach caighdeánach Éireannach a iniúchadh agus gheobhaidh tú amach cé mhéad táirge laethúil a mbímid ag brath orthu a bhfuil comhpháirteanna amhola iontu. Breathnaigh ar dhearadh ár dtaispeántais thíos:

2. TÁIRGÍ AN TODHCHAÍ

Ceart go leor, má tá amhola i ngach áit, cén chaoi a n-aistreofar uaidh go deo? Sin an áit a dtagann an bithgheilleagar isteach. Bealaí nua a aimsiú chun na rudaí a theastaíonn uainn a tháirgeadh ó phlandaí, ó ainmhithe agus ó mhiocróib. Taispeánfaimid duit cuid de na samplaí is aistí atá aimsithe againn, chomh maith le roinnt táirgí áitiúla nó coitianta ar féidir leat tosú a úsáid inniu. Anois, tabhair buille faoi thuairim ar cad as a bhfuil gach ceann de na míreanna seo thíos déanta!

LÉARSCÁIL DEN TURAS

Rachaidh an BithBhus ar turas 35 ionad ar fud na hÉireann ar feadh cúig seachtaine i mí Dheireadh Fómhair agus i mí na Samhna.

Cliceáil ar an íomhá ar dheis chun ár léarscáil idirghníomhach a iniúchadh. Féach ar an dáta, an áit agus an t-am a bheidh an BithBhus i do cheantar!

Seachtain 1 – Dé Sathairn 14 Deireadh Fómhair – Dé hAoine 20 Deireadh Fómhair

Rachaidh ár dturas go dtí na láithreacha seo a leanas le linn na chéad seachtaine.

  • Dé Sathairn 14ú – Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath
  • Dé Domhnaigh 15ú – Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath
  • Dé Luain 16ú – Bré agus na Clocha Liatha, Cill Mhantáin
  • Dé Máirt 17ú Sos
  • Dé Céadaoin 18ú – Loch Garman, Loch Garman
  • Déardaoin 19ú – Ceatharlach, Ceatharlach
  • Dé hAoine 20ú – An Nás, Cill Dara agus Port Laoise, Laoise
Seachtain 2 – Dé Sathairn 21 Deireadh Fómhair – Dé hAoine 27 Deireadh Fómhair

Rachaidh ár dturas go dtí na láithreacha seo a leanas le linn na dara seachtaine.

  • Dé Sathairn 21ú – Cathair Chill Chainnigh, Cill Chainnigh
  • Dé Domhnaigh 22ú  – Cathair Phort Láirge, Port Láirge
  • Dé Luain 23ú – Cathair Chorcaí, Corcaigh
  • Dé Máirt 24ú Sos
  • Dé Céadaoin 25úSos
  • Déardaoin 26ú – Mala, Corcaigh
  • Dé hAoine 27ú – Cill Áirne, Ciarraí agus Trá Lí, Ciarraí


Seachtain 3 – Dé Sathairn 28 Deireadh Fómhair – Dé hAoine 3 Samhain

Rachaidh ár dturas go dtí na láithreacha seo a leanas le linn na tríú seachtaine.

  • Dé Sathairn 28ú  Inis, An Clár agus Luimneach, Luimneach
  • Dé Domhnaigh 29ú – Cathair na Gaillimhe, Gaillimh
  • Dé Luain 30ú  Caisleán an Bharraigh, Maigh Eo agus Sligeach, Sligeach
  • Dé Máirt 31úSos
  • Dé Céadaoin 1ú Leitir Ceanainn, Dún na nGall
  • Déardaoin 2ú  Carraig na Sionainne, Liatroim
  • Dé hAoine 3ú – Cathair Longfoirt, Longfort


Seachtain 4 – Dé Sathairn 4 Samhain – Dé hAoine 10 Samhain

Rachaidh ár dturas go dtí na láithreacha seo a leanas le linn na ceathrú seachtaine.

  • Dé Sathairn 4ú – Ros Comáin, Ros Comáin agus an Muileann gCearr, an Iarmhí
  • Dé Domhnaigh 5ú – An Uaimh, an Mhí agus an Cabhán, An Cabhán
  • Dé Luain 6ú – Muineachán, Muineachán
  • Dé Máirt 7úSos
  • Dé Céadaoin 8úSos
  • Déardaoin 9ú – Dún Dealgan, Lú
  • Dé hAoine 10ú – Tulach Mhór, Uíbh Fhailí agus An tAonach, Tiobraid Árann


Seachtain 5 – Dé Sathairn 11 Samhain – Dé hAoine 17 Samhain

Rachaidh ár dturas go dtí na láithreacha seo a leanas le linn na cúigiú seachtaine.

  • Dé Sathairn 11ú Sos
  • Dé Domhnaigh 12ú – An Rinn, Port Láirge – 11-16h
  • Dé Luain 13ú – Baile Mhúirne, Corcaigh – 11-16h
  • Dé Máirt 14ú – Corca Dhuibhne, Chiarraí – 11-16h
  • Dé Céadaoin 15ú – Cois Fharraige, na Gaillimhe – 10-16h
  • Déardaoin 16ú – Béal an’Mhuirthead, Mhaigh Eo – 10-16h
  • Dé hAoine 17ú  – Gaoth Dobhair, Dhún na nGall – 10-16h

Beidh an chuid seo den turas ar siúl ag an am céanna le Seachtain Eolaíochta SFI.

ÁR mBREOSLA

Is iad breosla agus fuinneamh na chéad rudaí a smaoinímid orthu maidir lebreoslaí iontaise. Agus ar chúis mhaith. Is ionann é agus 86% den úsáid bhreoslaiontaise. Is réiteach amháin é fuinneamh glas ach tá a theorainneacha aige, maraschur fuinnimh, iontaofacht agus gá le stóráil ceallraí. Sin an fáth go bhfuil sétábhachtach go mbeadh breosla leachtach againn atá bithbhunaithe. Úsáideann BithBhus bithdhíosal Certa, atá déanta as ola glasraí atá hidriginithe . Tá sé á úsáid gopríomha ag oibreoirí tráchtála faoi láthair ach beidh sé ag teacht chuig coirí tí go han-luath, mar sin coinnigh súil amach!

BÍ PÁIRTEACH

Tá go leor bealaí ann le bheith páirteach san fheachtas!

Comhoibrigh linn agus cuir comhghníomhaíocht ar bun agus muid i do cheantar.


Cuir in áirithe roimh ré má tá grúpa mór á thabhairt agat chun taitneamh a bhaint as an taispeántas.

Cabhraigh linn cumarsáid a dhéanamh faoi ghníomhaíochtaí inbhuanaitheachta áitiúla i do cheantar.